![]()
D’fhéadfadh go n-iarrfaí ar othair ailse nó go mbeadh suim acu páirt a ghlacadh i dtriail chliniciúil.
Is ionann triail chliniciúil agus cineál taighde a dhéanann gairmithe cúram sláinte agus eolaithe d’fhonn a mheas an bhfuil diagnóis nó modh cóireála nua sábháilte d’othair agus an féidir feabhas a chur ar a riocht.
Bhí na cóireálacha atá ar fáil faoi láthair mar chuid de thrialacha cliniciúla tráth. Tugann bróisiúr EORTC ar thrialacha cliniciúla deis d’othair bunchoincheapa a fhoghlaim a bhaineann le trialacha cliniciúla agus is féidir leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn gairmithe cúram sláinte a chomhlánú.



